language

Dúlagar - Siomptóim, diagnóis, cóir leighis agus féinchabhair

DocFinder, Shutterstock
DocFinder, Shutterstock

De réir mheastacháin de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), tá dúlagar ar os cionn 350 milliún duine ar fud an domhain. San Ostair, bíonn dúlagar ar idir 10-25% de dhaoine uair amháin ina saol ar a laghad. Is deacair figiúir chruinne a fháil – ní aithnítear gach cás dúlagair agus ní chuirtear cóir leighis ar dhaoine dá réir. Coinnigh ort ag léamh faoi chomharthaí agus siomptóim an dúlagair, cad é an difear idir ísle brí agus dúlagar, agus na modhanna a úsáidtear mar chóireáil do dhúlagar.

Siomptóim dúlagair

I réimse na síciatrachta, aicmítear dúlagar mar neamhord mothachtálach, mar a thugtar air. Is grúpa neamhord síciatrach iad neamhoird mhothachtálacha a bhfuil athrú atá ábhartha i dtéarmaí cliniciúla ar ghiúmar ina chomhartha sóirt aige, i measc gnéithe eile. Tugtar neamhoird ghiúmair orthu uaireanta. Is tinneas síciatrach é dúlagar a ghabhann le heaspa treallúis, gruaim, easpa spéise agus taitnimh, brath teoranta pléisiúir agus easpa fuinnimh ghinearálta. I gcomparáid le daoine nach bhfuil dúlagar orthu, bíonn na siomptóim sin ar dhaoine a bhfuil dúlagar orthu ar bhealach níos géire agus maireann na siomptóim níos faide chomh maith. Bíonn sé níos deacra orthu chomh maith iad féin a spreagadh ná mar atá sé do dhaoine nach bhfuil dúlagar orthu. Ina theannta sin, d'fhéadfadh dúlagar a bheith bainteach le réimse fadhbanna fisiceacha, cosúil le tinneas cinn, pian sa droim, iatacht, neamhoird imshruthaithe agus teannas sa chliabhrach. Go minic tugann daoine a bhfuil dúlagar orthu faoi deara nach mbaineann siad sult as gníomhaíochtaí a mbainfidís sult astu de ghnáth, nó gur tháinig athrú ar a ngoile agus, dá bharr sin, a meáchan.

Na cúiseanna le dúlagar

Tá na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith taobh thiar de dhúlagar chomh héagsúil céanna leis na siomptóim a d'fhéadfadh a bheith ar dhaoine a bhfuil an tinneas orthu. D'fhéadfadh cúrsaí saoil den uile shórt dúlagar a spreagadh, lena n-áirítear: Coimhlint fhada nó fhadálach, ag an obair nó sa bhaile Strus nó traochadh fadtéarmach Fadhbanna tromchúiseacha fisiceacha Cumha mar gheall ar chúiseanna cosúil le scaradh, colscaradh nó tar éis bás duine mhuinteartha Athlonnú agus gan a bheith ar chompord in áit Éalú ó rud éigin Post a chailleadh Imeachtaí trámacha le linn na hóige (cosúil le mí-úsáid chorpartha agus/nó ghnéasach)

D'fhéadfadh tinnis fhisiceacha a bheith ina gcúis le dúlagar chomh maith. Tugtar dúlagar orgánach ar chásanna den chineál sin. Mar shampla, d'fhéadfadh hipitíoróideacht - trína bhfuil leibhéil hormóin tíoróidigh duine faoi bhun na ngnáthleibhéal - a bheith ina cúis le riocht ar nós dúlagair a bheith ar dhuine. Is sampla eile é siad sa mhaothán tosaigh a d'fhéadfadh brú a chur ar na struchtúir sa tuilinchinn a fheidhmíonn chun giúmar duine a rialú. Cé go bhfuil taighde maidir leis na cúiseanna agus spreagthaí dúlagair á déanamh fós sa lá atá inniu ann, tuigimid go bhfuil gníomhaíocht inchinne de dhuine a bhfuil dúlagar air/uirthi difriúil ó dhuine nach bhfuil an neamhord sin aige/aici. D'fhéadfadh dúlagar an bealach a fheidhmíonn néarchealla i gcodanna áirithe den inchinn a athrú agus d'fhéadfaidís freisin athrú a dhéanamh ar ghníomhaíocht na néaratharchuradóirí ar a dtugtar séireatoinin agus noraidréanailín. Tugtar substaintí iompróra san inchinn ar néaratharchuradóirí freisin, agus feidhmíonn siad chun eolas a tharchur idir néarchealla. Ar bhealach simplí, má tá dúlagar ar dhuine, tá neamhchothroime ann maidir leis na substaintí san inchinn a iompraíonn comharthaí. Ina theannta sin, tá riosca níos airde go dtiocfadh dúlagar ar dhuine má tá dúlagar ar dhuine muinteartha faoi láthair freisin nó má bhí dúlagar ar an duine sin roimhe.

An difríocht idir dúlagar agus ísle brí

D'fhéadfadh aon duine a bheith in ísle brí mar gheall ar choimhlintí ag an obair, teannas i gcaidreamh, scaradh, achrainn, deacrachtaí airgeadais, timpiste nó bás duine muinteartha. Níl aon rud as an ngnáth faoi thraochadh, imní inmheánach, brón, gruaim agus marbhántacht: bíonn na mothúcháin sin ag gach duine, cuid acu níos mó ná cuid eile. Ó thaobh an leighis de, áfach, tá difríocht ann idir ísle brí agus dúlagar agus is minic go bhfuil nasc ann idir imeacht crua agus/nó tréimhse strusmhar den saol. A luaithe is a mhaolaíonn an strus agus an phian, de ghnáth tagann feabhas ar ghiúmar an duine.

Sainmhíniú ar dhúlagar

De réir ICD-10 (an 10ú heagrán den Aicmiú Idirnáisiúnta Galar, Gortuithe, agus Cúiseanna Báis, a d'eisigh an EDS), comhlíontar na critéir chuimsithe do bhabhta dúlagair má tá dhá cheann de na trí shiomptóm seo a leanas ar dhuine ar feadh tréimhse nach lú ná dhá sheachtain: Ísle brí, ar léir go bhfuil sé neamhghnách don duine atá i gceist, a mhaireann an chuid is mó den lá, beagnach gach lá, agus nach n-athraíonn mar gheall ar thosca difriúla Cailleadh spéise nó pléisiúir i ngníomhaíochtaí a bheifí taitneamhach de ghnáth * Fuinneamh laghdaithe agus tuirse shuntasach gan mórán iarracht a bheith déanta

Anuas air sin, ba cheart go mbeadh ceann amháin ar a laghad de na siomptóim seo a leanas ar an duine: Chaill an duine féinmhuinín agus féinmheas Cuireann an duine locht air/uirthi féin gan údar a bheith leis nó mothaíonn siad thar a bheith ciontach gan údar Smaoiníonn an duine ar bhás nó féinmharú arís agus arís eile Níl an cumas céanna machnaimh ná airde ag an duine, éiginnteacht nó neamhchinnteacht Suaitheadh mínormalach síceamótrach (corrthónacht) nó cúlántacht Fadhbanna codlata de gach cineál * Easpa goile - nó goile níos mó - agus athrú meáchain ar aon dul leis sin

Measann an chuid is mó de dhaoine go bhfuil an líne idir ísle brí agus babhta dúlagair sách corrach. Ach is féidir le dochtúir a bhfuil taithí aige/aici an difríocht a aithint.

Aicmiú agus cineálacha dúlagair

Déantar dúlagar a aicmiú ina dtrí leibhéal déine: Dúlagar éadrom: Ar an iomlán, bíonn trí cinn ar a laghad de na siomptóim thuasluaite ar an duine, agus tá dhá cheann díobh sin ón chéad chatagóir (ísle brí, easpa spéise agus taitnimh, fuinnimh laghdaithe). Cé nach bhfuil an t-othar ar fónamh agus téann sé/sí ar lorg cúnaimh leighis, tá siad ábalta leanúint ar aghaidh gníomhaíochtaí proifisiúnta agus pearsanta a dhéanamh in ainneoin na hanacra - ar an gcoinníoll gur gnáth-thascanna atá i gceist. Dúlagar measartha: Ar an iomlán, bíonn sé cinn ar a laghad de na siomptóim thuasluaite ar an duine, agus tá dhá cheann díobh sin ón chéad chatagóir. Níl siad ábalta tascanna proifisiúnta ná pearsanta a dhéanamh, nó ní féidir leo iad a dhéanamh ach ó am go ham. * Dúlagar trom: Ar an iomlán, bíonn ocht gcinn ar a laghad de na siomptóim thuasluaite ar an duine, agus tá trí cinn díobh sin ón chéad chatagóir. Tá cúram agus tacaíocht sheasta ag teastáil ó dhuine atá i láir babhta throm dúlagair gan siomptóim shíocóiseacha. D'fhéadfadh go ngabhadh smaointe máineach, mothúcháin áiféiseacha ciontachta agus/nó faitíos maidir le tinneas le babhta dúlagair a bhaineann siomptóim shíocóiseacha leis.

Déantar idirdhealú idir dhá chineál dhifriúla dúlagair chomh maith. Ag brath ar an déine, na cúiseanna agus na siomptóim atá le feiceáil, déantar dúlagar a roinnt sna cineálacha seo a leanas: Dúlagar aonpholach: Is é dúlagar aonpholach an cineál is coitianta dúlagair. Forbraíonn sé go han-mhall; d'fhéadfadh nach mbeadh na siomptóim le brath ar an duine a bhuailtear ach tar éis roinnt laethanta, seachtainí nó fiú amháin míonna. I go leor cásanna, imíonn na siomptóim sin as a stuaim féin chomh maith. Dúlagar dépholach: Ag athrú idir gruaim agus eofóiria Dúlagar iarbhreithe: De réir an tsainmhínithe ar dhúlagar iarbhreithe, tagann sé ar dhuine sa tréimhse idir leanbh a thabhairt ar an saol agus an chéad bhreithlá den leanbh. Tá riosca níos airde ann go dtiocfadh dúlagar iarbhreithe ar mhná a raibh dúlagar de chineál éigin eile orthu roimhe sin. Neamhord mothachtálach séasúrach: Tá neamhord mothachtálach séasúrach ar cheann de na cineálacha dúlagair is neamhchoitianta. Mar a thugann a ainm le fios, spreagann séasúr áirithe é (m.sh. dúlagar geimhridh)

Ag brath ar dhul chun cinn an tinnis agus na teiripí ar baineadh triail astu, is féidir dúlagar a aicmiú ar bhealaí eile – mar bhabhta dúlagair (d'fhéadfadh nach dtarlódh sé sin ach uair amháin nó roinnt uaireanta) nó dúlagar ainsealach (trína maireann na siomptóim ar feadh níos mó ná dhá bhliain). Nuair a thagann biseach ar dhuine tugtar maolú air sin. Má mhaolaíonn siomptóim an duine go suntasach ach mura n-imíonn siad go hiomlán, tugtar maolú neamhiomlán air sin.

Dúlagar geimhridh

Tarlaíonn dúlagar geimhridh le linn na tréimhse fuaire dorcha den bhliain. Buaileann sé ceithre oiread níos mó ban ná fear, agus tá sé coitianta ach go háirithe sna tíortha Lochlannacha agus na tíortha i lár na hEorpa. Is annamh a thagann dúlagar geimhridh ar dhaoine sna tíortha ó dheas. Áirítear leis na cúiseanna le dúlagar geimhridh easpa solais lae nádúrtha agus láidreacht solais laghdaithe i rith an gheimhridh, chomh maith le teochtaí níos ísle. Freagraíonn an corp don easpa solais lae trí mhéideanna níos airde meileatoinine a scaoileadh, ar hormón é sin atá freagrach as ár bpatrún codlata a rialú. De thoradh air sin, éirímid tuirse níos éasca agus téann ár ngiúmar in olcas. Áirítear leis na siomptóim thipiciúla dúlagair geimhridh gá níos láidre le codladh, tuirse ar maidin, easpa treallúis agus fuinnimh, easpa cothroim agus ísle brí. Anuas air sin, tá easpa séireatoinine ag an inchinn de dhuine a bhfuil dúlagar geimhridh air/uirthi (ar hormón é sin a rialaíonn ár bpatrún codlata, teocht an choirp, libídeo agus staid mhothúchánach). Ciallaíonn sé sin go santaíonn daoine a bhfuil an fhadhb sin acu milseáin go géar, mar tacaíonn siúcra leis an inchinn chun an neamhchothroime séireatoinine a chúiteamh.

Dúlagar a dhiagnóisiú

Seachnaíonn go leor daoine cuairt a thabhairt ar a ndochtúir nó folaíonn siad a siomptóim mar gheall ar náire nach bhfuil údar leis. Ach d'fhéadfadh comhairliúchán leighis le dochtúir tacú le haithint cad iad na rudaí a d'fhéadfadh a bheith ina gcúiseanna le hathruithe ar ghiúmar duine – agus tús a chur le cúrsa cuí cóireála. Déanfaidh dochtúir nó síciatraí oilte an neamhord a dhiagnóisiú, den chuid is mó bunaithe ar chomhairliúchán leighis domhain idir an t-othar agus an dochtúir. I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh go dtógfaí tástáil fola chun anailís a dhéanamh air nó go dtabharfaí faoi scanadh tomagrafaíoch ríomhairithe (nó scanadh CT). Déantar é sin le cúis an dúlagair a aithint agus aon athrú fisiceach a chur as an áireamh, cosúil le heaspa vitimín B12, luaineacht hormónach nó leibhéal siúcra fola íseal. Cóireáil in aghaidh dúlagair Bunaithe ar an gcomhairliúchán leighis idir an dochtúir agus an t-othar agus ar thorthaí aon tástála agus scanta, is féidir leis an dochtúir plean cuí cóireála a chur le chéile. D'fhéadfaí úsáid a bhaint as cógas agus síciteiripe araon mar chóireáil in aghaidh dúlagair. I go leor cásanna, bíonn éifeacht ar leith ag baint le meascán den dá chóir leighis. Tá sé tábhachtach a chuimhneamh go dtógann aon teiripe roinnt mhaith ama: fiú amháin má tá an plean foirfe cóireála agat, ní imeoidh dúlagar thar oíche díreach mar sin.

Frithdhúlagráin

Tugtar frithdhúlagráin ar na cógais a ordaítear mar chóireáil in aghaidh dúlagair. Oibríonn na frithdhúlagráin sin trí idirghabháil a dhéanamh sna córais éagsúla néaratharchuradóirí in inchinn an othair agus tríd an neamhchothroime néaratharchuradóirí a chúiteamh. Tá éagsúlacht leathan frithdhúlagrán ar fáil inniu; tá cógas an lae inniu i bhfad níos dírithe ná na frithdhúlagráin a úsáideadh roimhe seo (ar nós frithdhúlagráin trífháinneach agus teitrifháinneach, mar a thugtar orthu) agus tá líon níos lú fo-iarmhairtí acu chomh maith. Áirítear leis na cógais is mó a ordaítear mar chóireáil in aghaidh dúlagair inniu na cógais seo a leanas: selective serotonin reuptake inhibitors, mar a thugtar orthu i mBéarla (nó SSRIs, a bhlocálann móilíní a n-ath-ionsúitear séireatoinin dá mbarr); serotonin–norepinephrine reuptake inhibitors (nó SNRIs, a chuireann cosc le hath-ionsú noraidréanailín agus séireatoinine san inchinn); agus norepinephrine–dopamine reuptake inhibitors (nó NDRIs, a chuireann cosc le hath-iontógáil noraidréanailín agus dopaimíne ag néarchealla na hinchinne). I measc na gcomhábhar gníomhach i bhfrithdhúlagráin nua-aimseartha, tá citalopram, escitalopram, flúocseitín, fluvoxamine, paroxetine, séartrailín, duloxetine, milnacipran, veanlafaicsín, bupropion agus reboxetine. Ag brath ar an bhfrithdhúlagrán a ordaítear, d'fhéadfadh go dtógfadh sé idir ocht lá agus trí seachtaine, ar an meán, sula dtagann feabhas ar ghiúmar an duine. Mura ndéanann an cógas an beart, d'fhéadfadh go n-athródh an dochtúir dáileog an othair nó go n-ordódh sé/sí frithdhúlagrán eile mar chóireáil in aghaidh an dúlagair.

Síciteiripe

Cé gur féidir le cógas tacú le cothromaíocht a chur ar ais idir na néaratharchuradóirí in inchinn duine, ní féidir leo feabhas a chur ar chúrsaí saoil an duine agus dul i ngleic leis an mbunfhadhb. Trí shíciteiripe, d'fhéadfadh daoine a bhfuil dúlagar orthu foghlaim faoi conas is féidir leo déileáil le coimhlintí agus mothúcháin (inmheánacha) ar bhealach níos éifeachtaí, conas is féidir leo glacadh le scaradh mar is ceart agus conas coimhlintí idirphearsanta a réiteach. Murab eol an chúis le hísle brí an duine, d'fhéadfadh seisiúin le síciteiripeoir tacú leis na bunfhadhbanna a aithint. Tá a lán cineálacha éagsúla teiripe ann. Úsáidtear teiripe shícidinimiciúil, mar shampla, chun oibriú ar fhadhbanna atá fréamhaithe go domhain - b'fhéidir go bhfuil a bhfréamhacha in óige an duine – i bpróiseas céim ar chéim in éineacht le teiripeoir. Ar an taobh eile, i dteiripe iompraíochta tacaíonn síciteiripeoir leis an othar chun straitéisí nua iompraíochta a fhorbairt agus chun fáil réidh leis an iompar diúltach agus patrúin dhiúltacha smaointeoireachta. Tá sé tábhachtach ach go háirithe go bhfuil caidreamh maith ann idir an síciteiripeoir agus an t-othar ionas go n-éireoidh leis an teiripe. Tá sé ríthábhachtach go gcothófar caidreamh macánta iontaobhach chun gur féidir leis an dá pháirtí gach fadhb agus ceist a phlé le linn na teiripe gan aon amhras a bheith orthu. Chomh maith le cógas agus síciteiripe, is féidir leas a bhaint as córacha leighis eile; áirítear leis sin spreagadh maighnéadach, cinéisteiripe (ar a dtugtar teiripe ghluaisteachta freisin), teiripe leictri-thritheamhach agus teiripe solais. Baintear úsáid as an gceann deireanach mar chóireáil in aghaidh dúlagar geimhridh. I dteiripe solais, suíonn an t-othar os comhar gléas solais a bhfuil sé go dtí ocht lampa aige agus a chuireann solas fluaraiseach amach (gan gathanna dochracha ultraivialait). Tá láidreacht an tsolais a chuirtear amach inchomparáide le solas na gréine ar lá geal earraigh agus tá tionchar dearfach aige sin ar struchtúir áirithe san inchinn. Téann an t-achar molta laethúil do theiripe solais ó leathuair go ceithre huaire an chloig. Ba chóir duit córacha leighis den chineál sin a phlé le dochtúir sula dtosaíonn tú.

Féinchúram a d'fhéadfadh tacú le dúlagar a chóireáil

  • Aclaíocht: Bíonn tionchar an-dearfach ag spórt agus/nó siúlóidí amuigh faoin aer ar ghiúmar duine.
  • Cothú: Ní hamháin go bhfuil aiste chothrom shláinte bia go maith don chorp ach d'fhéadfadh sí tionchar dearfach a imirt ar staid mheabhrach duine.
  • A bheith i measc daoine eile: Is rud maith é iarracht a dhéanamh chun saol sóisialta gníomhach a choimeád agus am a chaitheamh le do theaghlach agus cairde, in áit thú féin a scoitheadh amach ón saol.
  • Rudaí nua a thriail: Tá a lán bealaí ann chun aire a thabhairt ar do mheabhairshláinte, ar nós ióga a dhéanamh, sauna a bheith agat, chomh maith le cláir folláine eile a chuireann scíth chun cinn agus a thacaíonn le strus a laghdú.
  • Bí seasmhach: Tá sé tábhachtach nach stopann othar frithdhúlagráin a thógáil a luaithe is a fheabhsaíonn a g(h)iúmar. Tá coinní rialta leis an dochtúir agus seisiúin rialta teiripe tábhachtach chun rath na teiripe a chinntiú go fadtéarmach.

Foinsí
Dr Brigitte Schmid-Siegel, Division of Social Psychiatry, Department of Psychiatry and Psychotherapy, Medical University of Vienna; Die postpartale Depression, Spectrum Psychiatrie 03/2015, MedMedia Verlag und Mediaservice GmbH [in German]

Dr Hans-Peter Kapfhammer, Department of Psychiatry, Medical University of Graz; “Organische Depression” versus komorbide Depression bei somatischen Krankheiten, neuro Supplementum 03/2015, Austrian Neurology Society [in German]

Prof. Florian Holsboer, CEO of HMNC GmbH, Munich; Depression: personalisierte Therapie, Clinicum Neuropsy 06/2014, Medizin Medien Austria GmbH [in German]

Dr Gabriele Sachs, Department of Psychiatry and Psychotherapy, Medical University of Vienna; Kognition bei Depression, Clinicum Neuropsy 04/2014, Medizin Medien Austria GmbH [in German]

International Statistical Classification of Diseases and Related Health Problems (ICD), ICD-10, Version 2013, World Health Organization

Dr Siegfried Kasper, Department of Psychiatry and Psychotherapy, Medical University of Vienna; Unipolare Depression, Clinicum Neuropsy 05/2011, Medizin Medien Austria GmbH [in German]


Ùghdar: Katharina Miedzinska, MSc