language

An deir – Conas na siomptóim thipiciúla a aithint

DocFinder, Shutterstock
DocFinder, Shutterstock

Is galar víreasach é an deir ar mó an seans go dtiocfadh sé ar dhaoine atá amach sna blianta (os cionn 50 bliain d'aois). Tá gríos ar leith ina chomhartha sóirt aige. Gabhann pian uafásach leis an ngalar agus, mura ndéantar é a chóireáil, d'fhéadfadh go dtiocfadh aimhréidheanna sláinte eile as – mar sin, tá sé ríthábhachtach an fhadhb a chóireáil chomh luath agus is féidir. Coinnigh ort ag léamh chun tuilleadh eolais a fháil faoi na cúiseanna leis an ngalar agus conas is féidir siomptóim na deire a aithint go luath.

An chúis leis an deir

Is é an víreas varicella-zoster (VZV) an chúis leis an deir (ar a dtugtar herpes zoster chomh maith). Is ball na fine víreas heirpéis é an víreas varicella-zoster, agus scaiptear é trí ionfhabhtú braoiníneach. Seasann ionfhabhtú braoiníneach d'astaíocht na mbraoiníní beaga, ina bhfuil an phataigin. Cuirtear amach iad nuair a dhéanann duine ionfhabhtaithe sraoth nó casacht nó nuair a labhraíonn siad. Ciallaíonn sé sin go scaoiltear na pataiginí amach san aer nuair a easanálaíonn duine – agus ionanálaíonn duine eile iad ina dhiaidh sin.

Tá an víreas varicella-zoster freagrach as dhá ghalar i ndaoine: deilgneach agus an deir. Is deilgneach a bhíonn i gceist i gcónaí leis an ngalar príomhúil den víreas. Fiú tar éis do shiomptóim na deilgní a mhaolú, fanann an víreas i gcorp an duine don chuid eile dá s(h)aol - ach beidh an víreas i staid neamhghníomhach (folaigh). I gcás daoine a bhfuil córas imdhíonachta láidir acu, de ghnáth bíonn an corp ábalta smacht a choinneáil ar an víreas ionas nach dtagann an galar orthu arís. Má tá córas imdhíonachta lagaithe ag duine – mar gheall ar thinneas ainsealach, strus nó stíl mhaireachtála atá míshláintiúil go ginearálta, mar shampla – d'fhéadfadh an víreas folaigh athmhúscailt ag tráth níos déanaí agus tiocfaidh an galar ar dhuine arís dá bharr. Ach nuair a athmhúsclaíonn an víreas, tagann an deir ar dhuine in áit cás eile deilgní.

De réir meastachán, iompraíonn thart ar 95% de dhaoine an víreas varicella-zoster agus ionfhabhtaíodh an chuid is mó díobh agus iad ina bpáistí. Cé gur gnách go dtagann deilgneach ar pháistí, ní thagann an deir ach ar líon an-bheag páistí: má athmhúsclaíonn an víreas, de ghnáth tarlaíonn sé sin i bhfad níos déanaí sa saol.

Cur síos ar an deir

Tugann an t-ainm is lú a thugtar ar an deir, herpes zoster, nod dúinn maidir lena shiomptóim: tagann an focal "zoster" ón fhocal Gréigise ar chrios agus déanann sé cur síos ar ghnáthchruth an ghrís. Tá cruth creasa nó saise ar an ngríos agus tagann sé ar an droim agus/nó ar an gcliabhrach. Ach d'fhéadfadh gríos na deire teacht ar an aghaidh, na lámha agus na cosa.

Fad atá sé neamhghníomhach, fanann an víreas i ngainglíní na néaróige cráiniach – atá freagrach as, i measc nithe eile, spreagthaigh a sheoladh san aghaidh – agus na gainglíní dromlaigh. Is néarchealla iad na gainglíní dromlaigh atá suite feadh chorda an dromlaigh. Chomh luath is a athmhúsclaíonn an víreas varicella-zoster, tosaíonn sé ag taisteal ar na néarshnáithíní – agus ar an mbealach sin cuirtear athlasadh sa néarfhíochán faoi seach. Tá bealaí na néaróg a cheanglaíonn le corda an dromlaigh ina gcúiseanna le gnáthphatrún an ghrís a ghabhann leis an ngalar. Téann siad trasna na cabhlach ar fad (cliabhrach, goile, droim agus peilbheas), tá cruth creasa orthu, agus déanann siad freastal ar réigiúin áirithe an chraicinn (ar a dtugtar deirmeatóim). Mar sin, bíonn an gríos le feiceáil mar stráice ar na réigiúin den chorp atá buailte.

Siomptóim thipiciúla na deire

Ar an mbealach céanna le galair eile, d'fhéadfadh an deir tosú le céim prodromal, mar a thugtar air i mBéarla. Sa chéim sin, áirítear leis na siomptóim comharthaí ginearálta galair cosúil le tuirse, fiabhras agus marbhántacht. De ghnáth, maireann an chéim luath sin den ghalar trí go cúig lá ar an meán. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh go mbeadh paraestéise ar dhaoine a bhfuil an galar orthu – mothúcháin mínormálta cosúil le codladh grifín nó mothúcháin mharbha sa réigiún den chraiceann atá buailte.

De réir mar a théann an galar ar aghaidh, bíonn pian ar dhaoine in áit na mothúchán mínormálta sin sa chraiceann. Ós rud é gur galar é an deir a bhuaileann néaróga duine go díreach, baintear úsáid as an téarma pian néarapatach. Deir an chuid is mó d'othair gur pian throm agus an-ghránna í. Den chuid is mó, is mothúcháin dóite nó ropánta atá i gceist leis an bpian sin. Tarlaíonn na mothúcháin gan choinne agus gabhann tochas gránna leis.

De ghnáth tosaíonn an gríos saintréitheach a ghabhann leis an deir le deirge sna réigiúin den chraiceann atá buailte. Laistigh de 12 go 24 uair, tagann spuaiceanna ar na réigiúin sin. Ar dtús, tá leacht geal sna spuaiceanna sin; de réir mar a théann an galar ar aghaidh, éiríonn an leacht sin – a iompraíonn an víreas – níos modartha, agus tagann níos mó agus níos mó spuaiceanna ar an gcraiceann agus cruthaítear stráicí móra sula bpléascann siad ar deireadh. Tagann gearb ar na spuaiceanna ansin agus, de réir mar a thiteann siad, maolaíonn an gríos go mall. Tríd is tríd, ní thagann gríos na deire ach ar thaobh amháin den chorp agus ní ar an taobh eile.

I gcás othar a bhfuil córas imdhíonachta sláintiúil acu, de ghnáth maireann siomptóim na deire ar feadh dhá nó trí seachtaine ar an meán. Ach ní hionann an tréimhse ama do gach othar. Anuas air sin, i gcorrchás téann an galar ar aghaidh gan an gnáthghríos a bheith le feiceáil ar an gcraiceann (riocht ar a dtugtar zoster sine herpete). Sna cásanna sin, tagann mothúcháin throma dóite, ropánta agus tochais ar othair sna réigiúin sin den chraiceann, cé nach bhfuil an gríos ar chruth creasa ann.

Is galar tógálach é an deir. Ach murab ionann is deilgneach, ní tharchuirtear an deir trí ionfhabhtú braoiníneach mar níl an víreas ann ach sa leacht sna spuaiceanna – agus mar sin is é an leacht iompróir an ghalair. Ina theannta sin, ní thagann an deir ar dhaoine ach amháin má bhí deilgneach orthu roimhe sin, mar is é deilgneach an galar príomhúil i gcónaí de thoradh ar an teagmháil tosaigh leis an víreas varicella-zoster.

Achoimre ar shiomptóim na deire:

  • Céim luath (prodromal) den ghalar: tuirse ghinearálta, fiabhras, marbhántacht
  • Mothúcháin mínormálta sna réigiúin den chraiceann atá buailte: Codladh grifín, mothú marbh nuair a leagtar lámh ar an gcraiceann
  • Pian: Mothúcháin thobanna dóite agus ropánta, chomh maith le tochas
  • Cruthú na spuaiceanna: Cruthaíonn na spuaiceanna, ina bhfuil leacht geal ar dtús a éiríonn níos modartha le himeacht ama, bannaí ar chruth creasa.
  • De ghnáth, ní thagann an gríos ach ar thaobh amháin den chorp.
  • Den chuid is mó, i gcás daoine a bhfuil córas imdhíonachta sláintiúil acu, maireann siomptóim na deire ar feadh dhá nó trí seachtaine, ag brath ar cé chomh dona is atá sé.

Tosca riosca, aimhréidheanna a d'fhéadfadh a bheith ann agus galair thánaisteacha

Tosca riosca

D'fhéadfadh aimhréidheanna agus galair thánaisteacha atá dainséarach agus díblithe teacht as an deir, go háirithe i gcás daoine a bhfuil córais imdhíonachta laghdaithe acu mar gheall ar aon tinneas atá ann cheana (m.sh. daoine VEID-dearfach nó othair ailse) agus i gcás seandaoine a bhfuil córas imdhíonachta níos laige acu ná atá ag daoine fásta sláintiúla mar gheall ar a n-aois. D'fhéadfadh go mbeadh riosca níos airde ann go dtiocfadh an galar ar dhuine de bharr na n-imthosca riosca seo a leanas: Radaíocht ultraivialait: Ní hamháin go ndéanann griandó trom dochar do réigiún an chraicinn atá buailte ach lagaíonn sé an córas imdhíonachta ar fad – ciallaíonn sé sin go bhfuil an iomarca radaíochta ultraivialait ina chúis leis an deir. Ceimiteiripe: Ní hamháin go n-ionsaíonn an cógas a thugtar le linn ceimiteiripe na cealla ailse ach cuireann sé brú gearrthéarma ar an gcóras imdhíonachta ar fad freisin. Ar an mbealach sin, is mó an seans go dtiocfadh galair cosúil leis an deir ar dhuine le linn ceimiteiripe. Drugaí imdhíon-sochtacha: Is cineál cógas é druga imdhíon-sochtach a chuireann teorainn le feidhm an chórais chosanta atá ag an gcorp ó bhreith – úsáidtear iad, mar shampla, chun cosc a chur le diúltú d'orgáin ná fíochán i ndiaidh trasphlandaithe, nó chun plúchadh ailléirgeach, neamhoird córais imdhíonachta nó galair uath-imdhíonachta a chóireáil. Ionfhabhtuithe: D'fhéadfadh go méadódh ionfhabhtuithe – babhtaí éadroma den fhliú agus slaghdáin san áireamh – an seans go dtiocfadh an deir ar dhuine, ach go háirithe do dhaoine a bhfuil córais imdhíonachta lagaithe acu cheana féin, cosúil le seandaoine. * Strus agus ualaí fada fisiceacha agus síceolaíocha

Aimhréidheanna a d'fhéadfadh a bheith ann agus galair thánaisteacha

I gcás herpes zoster ginearálaithe, leathann an víreas varicella-zoster ó na néarchonairí go dtí na horgáin inmheánacha aonair. Má chuireann an víreas isteach ar lárchóras na néaróg (na struchtúir néaróg san inchinn agus i gcorda an dromlaigh), d'fhéadfadh meiningíteas agus cásanna tromchúiseacha einceifilítis teacht as sin. Anuas air sin, is féidir leis an víreas taisteal trí na gainglíní cráiniach chun ionsaí a dhéanamh ar na súile agus na cluasa, agus d'fhéadfadh ceiritíteas, toinníteas, daille (zoster ophthalmicus) nó bodhaire (zoster oticus) teacht as sin.

Ós rud é go lagaíonn an t-athlasadh na réigiúin den chraiceann atá buailte ag an víreas, agus go n-éiríonn siad níos soghabhálaí i leith baictéar, tá ionfhabhtú tánaisteach baictéarach ar cheann de na haimhréidheanna a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an deir. Tarlaíonn sé sin nuair a ionfhabhtaítear na réigiúin sin den chraiceann a bhfuil damáiste déanta dóibh ag gríos na deire le baictéir eile. I measc na n-iarmhairtí eile a d'fhéadfadh a bheith ann, tá neamhoird lí agus fuiliú isteach sa chraiceann, agus d'fhéadfadh go bhfágfaí coilm ar an gcraiceann chomh maith – go háirithe nuair a phiocann duine na gearba a thagann ar na spuaiceanna in áit ligean dóibh titim as a stuaim féin. Ach murab ionann is deilgneach, ní tharlaíonn sé chomh minic sin i gcás na deire mar bíonn na gearba sách pianmhar. Bíonn neamhoird chéadfacha ar roinnt othar, chomh maith le comharthaí pairilise sna réigiúin atá buailte, chomh luath is a mhaolaíonn an galar; sa chás is measa, bheadh na siomptóim ann go buan mura ndéantar iad a chóireáil.

Tiocfaidh néarailge i ndiaidh heirpéis ar suas go dtí 20% de na daoine a dtagann an deir orthu agus nach n-iarrann cóireáil ina aghaidh. Sa chás seo, d'fhéadfadh go mairfí an phian néarapatach ar feadh suas go dtí ceithre seachtaine tar éis do na siomptóim a bhaineann leis an gcraiceann a mhaolú. Is é an rud is measa a d'fhéadfadh tarlú go mbeadh an phian sin ar dhuine ar feadh blianta i ndiaidh an deir a bheith orthu.

An deir a dhiagnóisiú

Ós rud é go bhfuil roinnt de shiomptóim na deire ina sainchomharthaí den ghalar, de ghnáth beidh dochtúir ábalta an galar a dhiagnóisiú le linn scrúdú bunúsach fisiceach. Ag an gcoinne sin, scrúdaíonn an dochtúir go cúramach na réigiúin sin den chraiceann atá buailte agus cuireann sé/sí ceisteanna áirithe ar an othar faoi shiomptóim eile agus cé chomh fad is a bhí na fadhbanna sin acu.

Ach ar eagla na heagla tógann an dochtúir sampla den chneá le maipín – déantar é sin chomh maith le hidirdhealú a dhéanamh idir an galar agus víris eile herpes simplex a thagann ar dhaoine. Tríd an sampla a sheoladh chuig saotharlann, cuirtear ar chumas an dochtúra an cineál den víreas a fháil amach agus a bheith cinnte faoi, trí shaothráin ceall nó tástáil um imoibriú slabhrúil polaiméaráise. Is féidir an víreas a aithint go hindíreach trí thástáil antasubstainte freisin. Is éard atá i gceist leis sin ná fuil an othair a thástáil le haghaidh antasubstaintí i gcoinne an víris. Is cuid thábhachtach de chóras imdhíonachta an duine iad antasubstaintí. Táirgeann fuilchealla bána iad, agus is é an ról atá acu ná aon bhaictéir, víreas nó substaint choimhthíoch eile (ar a dtugtar antaiginí i dteannta a chéile) a d'insíothlaigh isteach sa chorp a throid.

Cóireáil in aghaidh na deire

Tá roinnt roghanna cóireála ann le haghaidh na deire. Is é aidhm gach teiripe ná na siomptóim agus tinnis ghéara a mhaolú, agus ag an am céanna teorainn a chur le leathadh na n-athruithe craicinn a tharlaíonn de bharr an ghalair. Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag an deir ar na néaróga, tá sé ríthábhachtach go dtugann daoine a bhfuil an galar orthu cuairt ar dhochtúir chomh luath agus is féidir, agus go dtosaíonn siad cúrsa cóireála oiriúnach chomh luath agus is féidir, chun cosc a chur leis an riosca atá ann maidir le haimhréidheanna agus galair thánaisteacha.

An phian a chóireáil

Den chuid is mó, ordaítear anailgéisigh ópóideacha chun pian ghéar agus throm a chóireáil. Is pianmhúcháin láidre iad anailgéisigh ópóideacha a cheanglaíonn gabhdóirí ópóideacha chun srian a chur leis an bpian atá ar dhuine. De ghnáth, tá na gabhdóirí ópóideacha lonnaithe san inchinn agus i gcorda an dromlaigh. Oibríonn na hópóidigh le cosc a chur le próiseáil agus tarchur an spreagthaigh péine, agus mar sin maolaítear an phian. Is féidir pian nach bhfuil chomh trom a chóireáil le pianmhúcháin níos séimhe chomh maith, cosúil le hiobúpróifein agus paraicéiteamól.

An gríos cnis a chóireáil

De ghnáth, déantar an gríos cnis a ghabhann leis an deir a chóireáil le hungthaí agus tintiúir a oibríonn chun na spuaiceanna a thriomú. Ní hamháin go maolaíonn sé sin an phian ghéar ach laghdaíonn sé an riosca go dtolgfadh duine ionfhabhtú tánaisteach baictéarach. Ina theannta sin, tacaíonn na hungthaí agus tintiúir – agus d'fhéadfaí iad a chur in oiriúint do chéim an ghalair agus déine an ghrís – leis an bpróiseas cneasaithe.

Teiripe fhrithvíreasach

Den chuid is mó úsáidtear teiripe fhrithvíreasach i gcás othar atá os cionn 50 bliain d'aois agus a bhfuil géarchás den ghalar orthu agus/nó a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu (m.sh. daoine VEID-dearfach nó othair ailse) agus/nó a bhfuil gríos deire acu ar a n-aghaidh nó muineál.

I gcás othar atá faoi bhun 50 bliain d'aois a bhfuil cás éadrom den ghalar orthu, is leor de ghnáth úsáid a bhaint as bainistiú dírithe péine in éineacht le cóir leighis a dhíríonn ar an ngríos cnis. Ní thugtar teiripe fhrithvíreasach do mhná atá ag iompar clainne ach oiread. Ina ionad sin, ní ordaítear ach córacha leighis logánta agus córacha leighis a dhíríonn ar na siomptóim den ghalar. Is é cuspóir na teiripe frithvíreasaí ná cosc a chur le tuilleadh atáirgthe an víris varicella-zoster sa chorp. D'fhéadfadh go dtabharfaí na cógais a úsáidtear lena aghaidh sin – ar a dtugtar oibreáin fhrithvíreasacha – tríd an mbéal nó trí na féitheacha, ag brath ar chás an duine aonair. Áirítear leis na substaintí a úsáidtear i dteiripe fhrithvíreasach don deir aciclovir, famciclovir agus valaciclovir.

Do dhaoine a bhfuil córas imdhíonachta sláintiúil acu, tá seans an-mhaith go n-oibreoidh an chóireáil; dá bharr sin, ba chóir go gcneasódh an gríos deire go hiomlán tar éis cúpla seachtain den chóireáil. D'fhéadfadh go mbeadh cineál i bhfad níos casta agus níos géire den ghalar ar othair a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu, agus mar sin tá sé thar a bheith tábhachtach go dtosaíonn a gcóireáil le cógas go luath.

Vacsaíniú

Tá vacsaín in aghaidh herpes zoster ar fáil san Ostair arís, tar éis dó a bheith tugtha isteach sa bhliain 2013. Molann Clár Vacsaínithe na hOstaire go dtugtar an vacsaín do gach duine os cionn 50 bliain d'aois – cibé acu an raibh an deir orthu cheana féin nó nach raibh. Maireann an chosaint a chuireann an vacsaín ar fáil ar feadh roinnt blianta, agus is mór an cuidiú é chun cosc a chur ar fhorbairt de chineál géar an ghalair nó ar néarailge in aghaidh an heirpéis i nduine. Ina ainneoin sin, ní chuireann an vacsaín cosaint iomlán ar fáil in aghaidh an deir a tholgadh. Mar sin féin, má thagann an galar ar dhuine a fuair an vacsaín, de ghnáth is é an cineál is éadroime atá i gceist agus ní mhaireann sé chomh fada sin.

Foinsí

Dr Birgit Weinberger, Research Institute for Biomedical Ageing Research, University of Innsbruck; Immunseneszenz und Impfungen im Alter, Ärzte Krone 17/2014, Ärztekrone VerlagsgesmbH [in German]

Dr Robert Müllegger, Department of Dermatology, Wiener Neustadt State Hospital; Update Herpes Zoster, die Punkte 01/2014, MedMedia Verlag und Mediaservice GmbH [in German]

Dr Herbert Kiss, Clinical Division of Obstetrics and Fetomaternal Medicine, Department of Obstetrics and Gynaecology, Vienna; Virusinfektionen in der Schwangerschaft - Varizellen und Herpes zoster, Gyn-Aktiv 03/2011, MedMedia Verlag und Mediaservice GmbH [in German]

Johnson R.W. et al., Postherpetic Neuralgia, New England Journal of Medicine 2014; 371:1526-1533

Robert Koch Institute, Department of Infection Disease Epidemiology; Varizellen (Windpocken), Herpes Zoster (Gürtelrose), RKI-Ratgeber für Ärzte 06/2013 [in German]


Ùghdar: Katharina Miedzinska, MSc