language

Angina tonsillaris – Céislíníteas

DocFinder, Shutterstock
DocFinder, Shutterstock

Úsáidtear an téarma leighis angina tonsillaris le cur síos a dhéanamh ar athlasadh na gcéislíní - agus tugtar céislíníteas air níos minice. Tá riocht eile den chineál céanna ann, gur athlasadh den fhíochán limfeach ar chúl na scornaí é, ar a dtugtar angina of the salpingopalatine fold i mBéarla.

Tá na céislíní lonnaithe san áit a dtagann an béal agus an scornach le chéile, agus is é feidhm na gcéislíní pataiginí agus frídíní a thagann isteach tríd an tsrón agus an béal araon a bhailiú. Mar sin, is cuid thábhachtach den chóras imdhíonachta iad.

Is mó an seans go bhfaigheadh páistí céislíníteas ná daoine fásta. De réir mar a théimid in aois, laghdaíonn an seans go dtiocfadh céislíníteas orainn - is é sin an fáth nach gá na céislíní a bhaint i gcás céislíníteas athfhillteach, fiú má thagann sé ar ais cúpla uair sa bhliain.

Cad is cúis le céislíníteas?

Scaiptear an phataigin is cúis le céislíníteas trí ionfhabhtú braoiníneach - i seile nó i dtál ón tsrón nuair a labhraímid nó nuair a dhéanaimid sraoth nó casacht. Den chuid is mó, is cúis bhaictéarach atá i gceist; ní bhíonn ionfhabhtuithe víreasacha ina gcúis leis chomh minic céanna. Más ionfhabhtú baictéarach is cúis le céislíníteas, de ghnáth is féidir é a rianú siar chuig streipteacocais. I gcásanna fíorannamh, d'fhéadfadh go mbeadh fungas ina chúis le céislíníteas. D'fhéadfadh córas imdhíonachta lagaithe cur leis an seans go dtiocfadh céislíníteas ar dhuine. Is ceist thábhachtach é cé acu an baictéar nó víreas is cúis leis an riocht: is féidir frithbheathaigh a úsáid mar chóireáil in aghaidh ionfhabhtú baictéarach ach ní féidir i gcás ionfhabhtú víreasach. Ach bíonn sé deacair do dhochtúirí idirdhealú a dhéanamh idir víreas agus baictéar. D'fhéadfadh sampla scornaí a fuarthas le maipín soiléireacht a chur ar fáil, ach d'fhéadfadh go dtabharfadh sé cúpla lá chun anailís a dhéanamh air. Cé nach dtógann sé ach cúpla nóiméad le tástáil a dhéanamh do streipteacocais, ní bhíonn na torthaí chomh conclúideach. Má tá clúdach bán nó buí ar na céislíní, d'fhéadfadh sé sin tabhairt le fios gur ionfhabhtú víreasach nó baictéarach atá i gceist. Mar sin ní chuidíonn sé leis an gcúis a aithint. D'fhéadfadh céislíníteas teacht ar dhuine as féin nó de thoradh ar ghalar eile. Áirítear leis na riochtaí eile: Fiabhras faireoige (ar a dtugtar monanúiclé-óis nó, go simplí, "mono" air chomh maith) Fiabhras dearg Eitinn Diftéire

Cad iad na siomptóim an chéislínítis?

De ghnáth, tagann céislíníteas ar dhuine tapa go leor. Is é an siomptóm príomhúil ná pian trom nuair atáthar ag slogadh. Áirítear leis na siomptóim thipiciúla: Céislíní deargtha ata, go minic le clúdach idir bán agus buí Fiabhras ard Nóid limfe ata faoi bhun na gcluas Tinneas cinn Haileatóis (drochanáil) Easpa goile, marbhántacht

Ag brath ar cé chomh dian is atá sé, maireann céislíníteas thart ar sheachtain nó dhó de ghnáth. I go leor cásanna, ní hamháin go mbíonn na céislíní athlasta ach bíonn cúl na scornaí athlasta chomh maith (faraingíteas). Is siomptóm tipiciúil a bhaineann le céislíníteas go bhféadfadh go mairfí an scornach thinn agus céislíní ata beagáinín níos faide cé go bhféadfadh an fiabhras a bhí ann ar dtús maolú tapa go leor. Cad iad na haimhréidheanna a d’fhéadfadh teacht as céislíníteas? Is annamh a bhíonn aimhréidheanna ann mar gheall ar chéislíníteas. Aimhréidh réasúnta neamhchoitianta amháin is ea sceith aincise (cineál easpa): is póca lán le brach é sin a fhásann cóngarach don chéislín athlasta. I measc na rudaí a thugann le fios go bhfuil easpa ann, tá pian dhian ar thaobh amháin den scornach nuair a shlogann daoine, deacrachtaí ag daoine an béal a oscailt agus pian sa chluas. I measc na n-aimhréidheanna féideartha eile céislínítis, tá athlasadh na cluaise láir (óitíteas láir) nó athlasadh na nduán (neifríteas). Sa dá chás, d'fhéadfadh go mbeadh gá le frithbheathaigh a úsáid mar chóireáil. D'fhéadfadh go dtiocfadh fiabhras réamatach ar dhuine freisin mar gheall ar chéislíníteas ar streipteacocais an chúis leis. I measc na siomptóm fiabhrais réamatach, tá at pianmhar na n-alt agus fiabhras ard. D'fhéadfadh cógais ina bhfuil peinicillin cosc a chur leis an aimhréidh sin, ach is aimhréidh an-annamh é sa lá atá inniu ann. Cathain ba cheart duit dul i gcomhairle le dochtúir? De ghnáth, is féidir lenár gcóras imdhíonachta déileáil le céislíníteas as a stuaim féin - is cuma cé acu an baictéir nó víreas is cúis leis an gcéislínteas. Ba chóir duit cuairt a thabhairt ar an dochtúir má: Tá deacracht agat slogadh ionas gur ar éigean is féidir leat rud ar bith a shlogadh Tá sé deacair agat anáil a tharraingt Níl comhartha ann go bhfuil do shiomptóim ag maolú Tá siomptóim as an ngnáth agat (m.sh. gríos cnis)

Cóir Leighis Pianmhúcháin I measc na gcógas péine a ordaítear mar chóireáil in aghaidh céislínítis, tá iobúpróifein, aigéad aicéitiolsalaicileach (aspairín) agus paraicéiteamól. Cé go bhféadfadh na cógais sin na siomptóim a mhaolú, ní chuirfidh siad dlús leis an mbiseach. Tá sé ríthábhachtach go gcloíonn tú leis na treoracha dáileoige ar an bpacáiste, mar ní bheidh an tionchar ceart ag dáileog nach bhfuil ard a dhóthain. Is féidir pianmhúcháin i bhfoirm tuaslagáin folctha béil, spraeanna nó paistilí – ina mbíonn comhábhair fhrithsheipteacha go minic – a úsáid, cé nach moltar iad. Frithbheathaigh D'fhéadfadh dochtúirí frithbheathaigh a ordú in aghaidh céislínítis chomh maith má tá na siomptóim an-dona nó má tá an t-othar ag fulaingt go mór. Ní bhíonn frithbheathaigh éifeachtach ach in aghaidh ionfhabhtuithe baictéaracha – agus, mar a luadh cheana féin, níl sé éasca iad a dhiagnóisiú. Léirigh staidéir ar othair a bhfuil scornach thinn acu go bhféadfadh frithbheathaigh an t-am atá na siomptóim le brath a laghdú thart ar lá amháin. Ach tá i bhfad níos mó ar eolas maidir le fo-iarmhairtí na bhfrithbheathach, agus d'fhéadfadh go n-áireofaí leis sin gríos cnis, mí-dhíleá agus ionfhabhtuithe giosta faighne. Ar an ábhar seo, tá sé fíorthábhachtach go measfar na rioscaí go cúramach i leith na tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ann. Má ordaíonn do dhochtúir frithbheathaigh duit mar chóireáil in aghaidh céislínítis, tá sé tábhachtach go gcríochnaíonn tú an cúrsa; is é sin le rá nár chóir duit éirí as iad a thógáil go tobann má tá an paca leathfholamh díreach toisc go bhfuil biseach tagtha ar do shiomptóim. Tríd an gcúrsa iomlán a thógáil cuirtear cosc le baictéir fhrithsheasmhacha a fhorbairt, rud a chuireann ar a gcumas imdhíonacht ar fhrithbheathaigh a fhorbairt; tacaíonn sé le cosc a chur le hathfhilleadh an athlasta chomh maith. Leigheas baile Tá comhbhrúiteán cuairc ar cheann de na leighis baile seanbhunaithe in aghaidh an chéislínítis. Is éard atá i gceist leis sin ná cuarc - cineál cáis ghrutha - a chur go díreach ar an muineál agus é a choinneáil ann ag baint úsáid as clúdach éadaigh thirim. Tar éis an cuarc a chur air, ba cheart don othar fanacht sa leaba agus é/í clúdaithe go maith ar feadh leathuair ar a laghad. Tá cuarc in ainm a bheith ábalta athlasadh a choinneáil ó dhoras - nó é "a tharraingt amach" as an bhfíochán. Is é leigheas baile eile in aghaidh céislínítis - agus ionfhabhtuithe eile ar chúl na scornaí - ná tarraingt ola nó folcadh béil, atá in ainm a bheith ábalta tocsainí agus pataiginí a bhailiú. Chun é sin a dhéanamh, nigh do bhéal le spúnóg bhoird ola olóige íon chomh luath is a dhúisíonn tú, go hidéalach roimh bhricfeasta. Athraíonn dath na hola go buí nó bán; ba chóir duit é a chaitheamh amach as do bhéal isteach sa leithreas tar éis 15-20 nóiméad. Ina dhiaidh sin, tá sé tábhachtach do bhéal agus do scornach a shruthlú go maith agus d'fhiacla a scuabadh lena chinntiú go gcuirtear aon tocsainí nó pataiginí a scaoileann an ola amach as do chorp. D'fhéadfadh folcadh béil le tae sáiste nó sáile a bheith fóinteach chomh maith - deirtear go bhfuil airíonna frith-athlastacha agus dífhabhtánacha ag an dá rud. Is é an rud is tábhachtaí, cibé cóireáil a thriaileann tú, ná neart uisce agus leachtanna eile a ól, aire a thabhairt duit féin agus gan tobac a chaitheamh! Céislíneachtóime Is obráid chun an dá chéislín a eisceadh (a bhaint amach) é céislíneachtóime. Má tá na céislíní méadaithe, ní féidir ach a méid a laghdú. Le linn na céislíneachtóime, luíonn an t-othar ar a d(h)roim agus a c(h)loigeann claonta siar. Is gnáthamh tapa é a bheag nó a mhór agus meastar go minic nach obráid as an ngnáth é, cé go bhfuil aimhréidheanna coitianta. Déantar an obráid faoi ainéistéiseach ginearálta do leanaí agus faoi ainéistéiseach logánta do dhaoine óga agus daoine fásta. De ghnáth is gá do leanaí agus daoine a bhfuil riosca ardaithe de rith fola tánaisteach ag baint leo fanacht mar othar cónaitheach ar feadh dhá nó trí lá. De ghnáth moltar céislíneachtóime nuair: A thagann céislíníteas ar dhuine os cionn cúig huaire in aghaidh na bliana in dhá bhliain as a chéile Atá céislíní duine chomh méadaithe sin go bhfuil deacrachtaí aige/aici anáil a tharraingt Cad iad na cúiseanna in aghaidh céislíneachtóime a dhéanamh? Cé go moltaí céislíneachtóime san am atá thart ag céim sách luath do dhaoine ar tháinig céislíníteas orthu roinnt uaireanta gach bliain, bíonn drogall ar dhochtúirí inniu an gnáthamh a mholadh de bharr an riosca de chur fola trom. Baineann sé sin le páistí beaga ach go háirithe: cé go dtagann céislíníteas orthu níos minice, is mó an seans chomh maith go dtarlódh aimhréidheanna tromchúiseacha i ndiaidh céislíneachtóime ina gcás. Ós rud é nach bhfuil an méid céanna fola ag páistí beaga, is mó an seans go bhfaighidís bás ná daoine fásta. Is mó an seans go n-análóidís fuil chomh maith. D'fhéadfadh go dtarlódh rith fola tánaisteach i bpáistí fiú roinnt seachtainí i ndiaidh na hobráide, agus mar sin ba chóir go mbeidís ina gcodladh gar dá dtuismitheoirí nó caomhnóirí tar éis céislíneachtóime. Tá riosca 1-4% de chur fola trom ann – a mbeadh obráid eile cheartaitheach ag teastáil dá bharr. Ba cheart cuimhneamh gur cuid thábhachtach dár gcóras imdhíonachta iad ár gcéislíní. Ní dhearnadh taighde cuimsitheach go fóill ar an tionchar atá ar chorp an duine nuair a bhaintear na céislíní amach. Tá éifeachtúlacht na gcéislíneachtóimí ó thaobh ionfhabhtuithe scornaí a laghdú ina ábhar conspóide chomh maith. Ar thaobh amháin, léirigh staidéir nár tháinig scornach thinn ar pháistí ar baineadh a gcéislíní díobh chomh minic sin sa chéad 2-3 bliana i ndiaidh na hobráide. Ach ina dhiaidh sin léirigh na staidéir nach bhfuil difríocht ar bith idir na páistí sin agus páistí eile. Creidtear go forleathan go laghdaíonn an seans go dtiocfadh céislíníteas orainn de réir mar a théimid in aois - is cuma cén chóir leighis a úsáideadh le haghaidh cásanna roimhe sin. Níor tugadh faoi aon staidéar fónta go dtí seo maidir leis na tairbhí a bhaineann le céislíneachtóimí do dhaoine fásta. Cóir leighis do chéislíníteas ainsealach Seasann céislíníteas ainsealach (a mhaireann níos faide ná trí mhí) do riocht trína luíonn baictéir go buan ar na céislíní. D'fhéadfadh go dtarlóidh sé sin, mar shampla, murar chríochnaigh an t-othar cúrsa frithbheathach nó má baineadh na céislíní amach go páirteach. D'fhéadfadh go mbeadh déine na siomptóm éagsúil, ó shiomptóim nach bhfuil éasca le haithint go siomptóim thromchúiseacha. Is siomptóim thipiciúla iad nóid limfe sa mhuineál atá ata agus haileatóis bhuan. Úsáidtear an chóireáil chéanna in aghaidh céislíníteas ainsealach is a úsáidtear in aghaidh an chineáil ghéir den ghalar, agus déantar an córas imdhíonachta a neartú ag an am céanna – mar shampla, trí mhodhanna hoiméapatacha a úsáid. Mura bhfuil comhartha feabhsaithe le brath ar an othar nó má tá a c(h)uid siomptóm trom, moltar go minic go mbainfear na céislíní go hiomlán.

Sources

Patient information from the BMJ Group: Tonsillitis. Web publication date: 16 March 2011. http://clinicalevidence.bmj.com

BMJ Group: Tonsillitis – Key Points. Web publication date: 26 October 2009. http://clinicalevidence.bmj.com Patient information from the German Society for General Practice/Family Medicine (DEGAM): Sore throat. 2009.

http://www.awmf.org/uploads/tx_szleitlinien/053-010_S3_Halsschmerzen_Patienten_10- 2009_12-2013.pdf [in German]

Patient information from the BMJ Group: Tonsillitis. Web publication date: 16 March 2011. http://clinicalevidence.bmj.com

BMJ Group: Tonsillitis – Key Points. Web publication date: 26 October 2009. http://clinicalevidence.bmj.com Patient information from the German Society for General Practice/Family Medicine (DEGAM): Sore throat. 2009.

http://www.awmf.org/uploads/tx_szleitlinien/053-010_S3_Halsschmerzen_Patienten_10- 2009_12-2013.pdf [in German]


Ùghdar: Katharina Miedzinska, MSc